|
Post by The Black Baron on Mar 29, 2012 0:18:51 GMT
The following account was written by Dr Thomas Fitzsimons, the Vicar General of the Diocese of Kilmore writing c.1670 and describing a person known as Myles the Slasher O'Reilly:
|
|
|
Post by Scolaire Bocht on Mar 29, 2012 0:53:42 GMT
Maolmórḋa m Emoinn m Maolmórḋa m Aoḋ Conallaiġ capitín ⁊ coloneal marcṡluaġ ar maiṫiḃ na hÉirenn: ḟínise sin ar ḃriseḋ Ċroise Riaḃaiġ ionnar ġaḃ nó ionnar ṁarḃ nó ar ċuir a raon maḋma seċt xx marcaċ do Ġallaiḃ ⁊ gan aige aċt deiċneṁar ar 20 dá ṁuintir féin; ḟínise ar ḃriseḋ na Binne Buirbe ⁊ Lios na Srian ⁊ ar ḃriseḋ Ṡléiḃe Ruiséal mar a raiḃ Caiptín Gallbrait ⁊ dá oificeaċ déag maille leis ⁊ do ċuir dfiaċaiḃ orrṫa gan buille nó urċor do ṫaiḃairt ar aon neaċ aċt ar Ṁaolṁórḋa MacEmoinn aṁáin.
Giḋeaḋ do ċuaiḋ gan fuileḋ gan foirḋergaḋ aníos ⁊ síos trí huaire tríofa aċt an cloiḋeṁ do cuireḋ tríd a ṗluic do ċongḃáil eidir a ḟiacla é gur ṫeilg do aon ḃéim an cloiḋeṁ ⁊ láṁ an ṁarcaiġ go talaṁ.
Ar nimṫeċt as Éirinn dó féin ⁊ do ċáċ is iomḋa cáḋus ⁊ onóir do fuair ó ríġ na Spáine ⁊ ó na ṁac ⁊ fós ó riġ na Fraince as fá ḋeóiḋ ag dul as an bḞraince dó go Flanders ċum a ḃeiṫ na Máiġistir Campa ann do ġlac tinnes é go ḃfuair bás a mainistir na gCapusin Éirennach san mbaile dá ngoirter Ċarlons A. D. 1670.
|
|